Séanadh:
Ní iarrfaidh an Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA), thar ceann sheirbhísí an Choimisiúin, do chuid faisnéise pearsanta riamh ar an bhfón ná ar ríomhphost, agus cuimsítear gearáin fhéideartha le soláthraí seirbhíse airgeadais sa mhéid sin. Tuilleadh eolais faoin séanadh seo.
Cad is soláthraí seirbhísí airgeadais ann?
Is gnóthais iad soláthraithe seirbhísí airgeadais a bhainistíonn airgead thar ceann custaiméirí. Ina measc sin tá:
- bainc, comhair chreidmheasa agus cuideachtaí airgeadais tomhaltóirí eile
- cuideachtaí cárta creidmheasa, eisitheoirí ríomh-airgid agus institiúidí íocaíochta eile
- cuideachtaí árachais
- gnólachtaí infheistíochta (e.g. bróicéirí stoic, bainisteoirí sócmhainní, bainisteoirí punainne nó comhairleoirí infheistíochta)
Cad atá le déanamh má tá gearán agat
B'fhéidir go mbeidh FIN-NET in ann cabhrú leat do ghearán a réiteach lasmuigh den chúirt más rud é
- go bhfuil cónaí ort san Aontas Eorpach, san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua, agus
- go bhfuil gearán á dhéanamh agat faoi sholáthraí seirbhíse airgeadais i dtír eile díobh sin
Lean na trí chéim seo a leanas chun do ghearán a réiteach.
1. Scríobh chuig do sholáthraí
Déan iarracht an fhadhb a réiteach tú féin ar dtús trí scríobh go díreach chuig do sholáthraí seirbhísí airgeadais. Mínigh go soiléir cén fáth a bhfuil tú míshásta, agus inis dóibh cad ba mhaith leat a dhéanamh.
2. Líon isteach an fhoirm FIN-NET
Mura bhfuil tú sásta le freagra do sholáthraí – nó mura bhfaigheann tú freagra ar bith – íoslódáil agus líon isteach foirm FIN-NET le haghaidh gearán trasteorann.
Is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh freisin le haon bhall FIN-NET agus treoir a iarraidh orthu. Faigh eolas teagmhála do na baill go léir i ngach tír anseo.
3. Seol an fhoirm chuig ball FIN-NET
Seol an fhoirm trí ríomhphost nó tríd an bpost chuig aon bhall FIN-NET
- i do thír féin, nó
- i dtír do sholáthraí
Faigh eolas teagmhála do na baill go léir i ngach tír anseo.
Cad é an chéad chéim eile?
Inseoidh an ball FIN-NET duit an bhfuil siad in ann d'fhadhb a réiteach, nó féadfaidh siad tú a threorú chuig eagraíocht eile a chabhróidh leat. D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort eolas breise a chur ar fáil chun do chás a mheas i gceart.
Is féidir leis an gcuid is mó de bhaill FIN-NET cabhrú leat saor in aisce nó ar chostas íseal. De ghnáth tagann siad ar thoradh laistigh de 90 lá.
Is iondúil nach mbíonn oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí airgeadais déanamh de réir chinntí bhaill FIN-NET, ach is gnách go ndéanann a bhformhór é sin go deonach.
Mura ndéanann siad é sin, nó mura bhfuil tú sásta leis an mbealach ar déileáladh le do ghearán, b'fhéidir go mbeidh ort dul chun na cúirte.
Séanadh
- NÍ gníomhaireacht ná údarás de chuid an Aontais é FIN‐NET. Is líonra d’eagraíochtaí náisiúnta é FIN‐NET atá freagrach as gearáin tomhaltóirí i réimse na seirbhísí airgeadais a réiteach lasmuigh den chúirt
- NÍ dhéanann FIN‐NET teagmháil le saoránaigh ná ní iarrann sé orthu páirt a ghlacadh ná comhoibriú leo maidir le haon imscrúdú, tionscadal ná próiseas
- Ní iarrann FIN‐NET RIAMH faisnéis a bhaineann le gearáin ó thomhaltóirí a phróiseáil ná ní dhéanann sé idirghabháil ina bpróiseáil. Is faoi na húdaráis náisiúnta atá sé sin
- Ní eiseoidh FIN‐NET fíneálacha, táillí ná smachtbhannaí RIAMH i gcoinne saoránaigh aonair
- Má théann duine i dteagmháil leat ag ligean air gur ball de FIN‐NET é - nó go bhfuil sé ag feidhmiú thar a cheann - agus aisíocaíocht á tairiscint aige, nó cuidiú chun airgead a aisghabháil, is iarracht ar chamscéim é. Molaimid go láidir duit gan gníomhú de réir an iarraidh agus gearán a dhéanamh le d’údaráis náisiúnta
- Níl ainm fearainn ríomhphoist ag FIN‐NET, toisc gurb iad na húdaráis náisiúnta a úsáideann FIN‐NET chun comhoibriú le chéile
- Críochnaíonn gach seoladh ríomhphoist a bhaineann leis an gCoimisiún Eorpach le ‘@ec.europa.eu’. Ní bhaineann aon fhearann seoltaí ríomhphoist eile leis an gCoimisiún Eorpach